Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ráitis airgeadais sheachtainiúla

Foilsítear ráitis airgeadais sheachtainiúla an Eurochórais ar an Máirt agus baineann siad leis an Aoine roimhe sin.

Eisceachtaí ó na dátaí foilseacháin

De ghnáth is ar an gCéadaoin a fhoilsítear an chéad ráiteas airgeadais do gach ráithe (seachas Dé Máirt) ionas go mbeidh níos mó ama ann chun an athluacháil ar shócmhainní agus ar dhliteanais a chur i gcrích, rud a léirítear sa ráiteas sin.

Nuair a bhíonn córas TARGET dúnta agus nuair nach dáta socrúcháin é an lá sin dá bharr d’idirbhearta margaidh airgid euro ná d’idirbhearta airgeadraí eachtracha in euro, cinntear gur lá gan ghnó de chuid an Eurochórais é an lá sin ó thaobh tuairisciú airgeadais de. Má bhíonn laethanta gan gnó sa bhreis ann le linn na tréimhse ina n-ullmhaítear na ráitis sheachtainiúla, cuirtear síneadh leis an tréimhse sin dá réir.

Dátaí foilseacháin in 2026 arb eisceachtaí iad ón riail ghinearálta:

Stádas Seachtain Dáta tuairiscithe Dáta foilsithe Lá na seachtaine Cúis

Ráiteas airgeadais ráithiúil

Seachtain 1

31 Nollaig 2025

7 Eanáir 2026

Dé Céadaoin

An chéad ráiteas airgeadais den ráithe


Ráiteas airgeadais ráithiúil

Seachtain 14

3 Aibreán 2026

9 Aibreán 2026

Déardaoin An chéad ráiteas airgeadais den ráithe

Lá Dúnta TARGET: Luan Cásca

Ráiteas airgeadais ráithiúil

Seachtain 27

3 Iúil 2026

8 Iúil 2026

Dé Céadaoin An chéad ráiteas airgeadais den ráithe
Ráiteas airgeadais ráithiúil Seachtain 40

2 Deireadh Fómhair 2026

7 Deireadh Fómhair 2026

Dé Céadaoin An chéad ráiteas airgeadais den ráithe

Gach leathanach sa rannóg seo